Books Should Be Free is now
Loyal Books
Free Public Domain Audiobooks & eBook Downloads
Search by: Title, Author or Keyword

Leabhráin an Irisleabhair—III Seanaid na nGaedheal   By:

Book cover

First Page:

LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR. III.

[Illustration: Seanaid na nGaedheal]

SCOIL GHAEDHEALACH.

Aistí ó

"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus "GRUAGACH AN TOBAIR."

Ar n a chur amach do CHONNRADH NA GAEDHILGE,

Baile Átha Cliath.

1903.

CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.

I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol." II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear." III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín. IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."

RÉAMHRÁDH.

Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na GAEDHILGE, agus táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa, agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go mbeidh scoileanna agus oideachas na hÉireann go fíor Ghaedhealach.

Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan tsaghas gnótha do chur i gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís ealadhna is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill go mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach.

FEAR AN IRISLEABHAIR.

I. SCOIL GHAEDHEALACH.

Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód, rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an chloch chúinne annsoin. Támuid ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n ionad a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n ár gcosaibh.

Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin.

Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile Átha Cliath i bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha indiu.

Cuirimís ne leis tigh ar bun scoil Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a déanta? Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n a leithéid do chur ar bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn.

Dar liom sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n a fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine éigin. An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n a chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin.

Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár oibre mar leanas:

GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n ÉINFHEACHT AMUIGH IS AMACH LE SÉ BLIADHNA D'AOIS,

An chéad bhliadhain:

Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.

An dara bliadhain, & as soin go dtí an t aonmhadh bliadhain déag:

Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar eólas, Béarla gach nídh múinte thre Ghaedhilg... Continue reading book >>




eBook Downloads
ePUB eBook
• iBooks for iPhone and iPad
• Nook
• Sony Reader
Read eBook
• Load eBook in browser
Text File eBook
• Computers
• Windows
• Mac

Review this book



Popular Genres
More Genres
Languages
Paid Books